Tugann Músaem Cathrach na Gaillimhe cuireadh do scoileanna, do ghrúpaí pobail agus do chuairteoirí de gach aois teacht le chéile agus an Ghaeilge, litríocht agus ceol traidisiúnta a cheiliúradh i mí an Mhárta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2026.
Ó Dé Máirt an 3 Márta go dtí Dé hAoine an 6 Márta 2026, cuirfidh an Músaem sraith turas treoraithe trí Ghaeilge agus go dátheangach ar fáil saor in aisce, chomh maith le himeachtaí speisialta poiblí ina leagfar béim ar shaol agus ar oidhreacht an scríbhneora iomráitigh as Gaillimh, Pádraic Ó Conaire, agus ar bheocht bhuan cheol traidisiúnta na hÉireann.
Turais Treoraithe trí Ghaeilge
3-6 Márta 2026
Mar chuid den fhéile náisiúnta Ghaeilge, tugtar cuireadh do scoileanna agus do ghrúpaí sainspéise breathnú thart ar dhánlanna an Mhúsaeim trí Ghaeilge.
Is é MacDara Ó Conaola, amhránaí agus taibheoir as Inis Oírr ó dhúchas a bheidh i gceannas na dturas.
Feicfidh cuairteoirí rudaí agus scéalta a bhaineann leis an nGaeilge, chomh maith leis an dealbh aitheanta de Phádraic Ó Conaire a dhealbhaigh Albert Power, sin-seanathair MhicDara, agus a bhfuil áit bhuan aige sa Mhúsaem anois.
Sceideal na dTuras:
Tá Sliotán 1 ag 10:15am in áirithe do ghrúpaí bunscoile, iar-bhunscoile agus tríú leibhéal. Tá Sliotán 2 ag 11:30am in áirithe do ghrúpaí bunscoile, iar-bhunscoile agus tríú leibhéal. Tá Sliotán 3 ag 1:30pm in áirithe do ghrúpaí oideachais agus do ghrúpaí eile a bhfuil suim acu ann.
Is turais saor in aisce iad. Ní mór iad a chur in áirithe roimh ré ag Museum@GalwayCity.ie / (091) 532460.
Agus áit á cur in áirithe, iarrtar ar ghrúpaí a leibhéal Gaeilge a chur in iúl agus cé acu is fearr leo: turas lán-Ghaeilge nó turas dátheangach (Gaeilge/Béarla).
Léamha Dátheangacha: Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire
7 Márta 2026 | 2:00pm–3:30pm
Chun Seachtain na Gaeilge 2026 a cheiliúradh a thuilleadh, cuirfidh an t-aisteoir, scríbhneoir agus scéalaí mór le rá Diarmuid de Faoite clár speisialta de léamha dátheangacha i láthair ó shaothair Phádraic Uí Chonaire.
Ag athrú gan stró ón Ghaeilge go Béarla, cuirfidh de Faoite brí agus anam i scríbhneoireacht Uí Chonaire, ag ceiliúradh duine de na daoine liteartha nua-aimseartha is tábhachtaí in Éirinn.
Rugadh Ó Conaire i nGaillimh sa mbliain 1882 agus thosaigh sé ag scríobh i nGaeilge nuair a bhí sé ag obair ina státseirbhíseach i Londain, tar éis dó ballraíocht a ghlacadh i gConradh na Gaeilge. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí sé ina mháistir ar an ngearrscéal agus ina dhuine mór le rá in Athbheochan na Gaeilge. Nochtadh dealbh cuimhneacháin san Fhaiche Mhór tar éis a bháis in 1928 agus tá an dealbh caomhnaithe anois i Músaem Cathrach na Gaillimhe.
D’aistrigh Diarmuid de Faoite Seacht mBua an Éirí Amach (2016) agus Scothscéalta (2024), agus chuir sé Rogha Scéalta (2008) in eagar. Tá Gradam Stewart Parker agus Duais Aitheantais an Oireachtais faighte aige as a sheó aonair clúiteach Pádraic Ó Conaire.
Is imeacht saor in aisce é. Ní mór áit a chur in áirithe roimh ré ag Museum@GalwayCity.ie / (091) 532460. Oiriúnach do dhaoine fásta.
Léiriú Ceoil Traidisiúnta
14 Márta 2026 | 1:00pm–2:00pm
Cuirfear clabhsúr leis an gceiliúradh le léiriú bríomhar ceoil traidisiúnta ó Sheaimpíní na hÉireann, Maureen agus Brendan Browne, deartháir agus deirfiúr as an gCladach, Gaillimh.
Tá cáil ar na siblíní Browne as a gceoltóireacht bhríomhar ar an bhfidil agus ar an mbosca ceoil, agus iad ag gabháil fhoinn, bheirt de bhunadaoirí an bhanna Back West a bhfuil gradaim bainte amach aige. Léiríonn a n-albam, The Long Walk (2017) agus Heritage Hall (2018), stór saibhir atá fréamhaithe i dtraidisiún an Chladaigh.
Le linn an tseó cloisfear amhráin mór le rá ar nós Galway Bay, The Galway Shawl agus The Old Claddagh Ring.
Is imeacht saor in aisce é agus tá fáilte roimh chách, beag beann ar aois.
Galway City Museum invites schools, community groups, and visitors of all ages to celebrate Irish language, literature, and traditional music this March as part of Seachtain na Gaeilge 2026.
From Tuesday 3 to Friday 6 March 2026, the Museum will host a series of complimentary Irish-language and bilingual guided tours, followed by special public events highlighting the life and legacy of celebrated Galway writer Pádraic Ó Conaire and the enduring vitality of Irish traditional music.
Guided Tours Through Irish
3–6 March 2026
As part of the national Irish-language festival, schools and special-interest groups are invited to explore the Museum’s galleries through Irish.
Tours will be led by MacDara Ó Conaola, singer, performer, and native of Inis Oírr. Visitors will encounter objects and stories connected to the Irish language, including the iconic statue of Pádraic Ó Conaire which was sculpted by Albert Power, MacDara’s great grandfather and is now housed at the Museum.
Tour Schedule:
Slot 1 at 10:15am is reserved for primary, post-primary, and third-level groups. Slot 2 at 11:30am is reserved for primary, post-primary, and third-level groups. Slot 3 at 1:30pm is open to education groups and other interested groups.
Admission is free of charge. Advance booking is required via Museum@GalwayCity.ie / (091) 532460.
When booking, groups are asked to indicate their level of Irish and whether they prefer a fully Irish-language or bilingual (Irish/English) tour.
Bilingual Readings: Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire
7 March 2026 | 2:00pm–3:30pm
To further mark Seachtain na Gaeilge 2026, acclaimed actor, writer, and storyteller Diarmuid de Faoite will present a special programme of bilingual readings from the works of Pádraic Ó Conaire.
Moving seamlessly between Irish and English, de Faoite brings Ó Conaire’s writing vividly to life, celebrating one of Ireland’s most important modern literary figures.
Born in Galway in 1882, Ó Conaire began writing in Irish while working as a civil servant in London after joining the Gaelic League. Over the following decades, he became a master of the short story and a leading figure of the Gaelic Revival. After his untimely death in 1928, a memorial statue was unveiled in Eyre Square; it is now preserved at Galway City Museum.
Diarmuid de Faoite has translated Seacht mBua an Éirí Amach (2016) and Scothscéalta (2024), and edited Rogha Scéalta(2008). He is a recipient of the Stewart Parker Trust Award and Duais Aitheantais an Oireachtais for his acclaimed one-man play Pádraic Ó Conaire.
Admission is free of charge. Advance booking is required via Museum@GalwayCity.ie / (091) 532460. Suitable for adults.
Traditional Music Performance
14 March 2026 | 1:00pm–2:00pm
The celebrations conclude with a lively traditional music performance from All-Ireland Champions Maureen and Brendan Browne, a sibling duo from the Claddagh, Galway.
Founding members of the award-winning band Back West, the Browne siblings are renowned for their dynamic musicianship on fiddle, vocals, and button accordion. Their albums, The Long Walk (2017) and Heritage Hall (2018), reflect a rich repertoire rooted in the tradition of the Claddagh.
The programme will include well-known songs such as Galway Bay, The Galway Shawl and The Old Claddagh Ring.
Admission is free and all ages are welcome.


