Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
Turas Buaicphointí an Mhúsaeim SAOR IN AISCE

Cad iad buaicphointí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe?
Glac páirt ar thuras treoraithe saor in aisce chun eolas a fháil ar bhunús na Gaillimhe agus chun scéalta suimiúla a chloisteáil taobh thiar de chuid de na rudaí atá ar taispeáint, lena n-áirítear Fáinne an Chladaigh is sine, dealbh Pádraic Ó Conaire, cupán lianna Gaelach meánaoiseach, agus ceithre fháinne cré-umha 3,000 bliain d’aois as Inis Mór.
Tosaíonn turais ag deasc fáiltithe an Mhúsaeim. Ní gá áirithint a dhéanamh. Áiteanna a leithdháiltear ar bhonn an chéad duine a thagann isteach.
Oiriúnach d’Aois 8+
[Íomhá: Corn an Lia ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann. Grianghraf – Boyd Challenger]
Breathnaigh ar Thuras Fíorúil an Mhúsaeim ANSEO agus bígí linn Dé Sathairn le haghaidh an rud fíor! Ceisteanna ar bith? tabhair leat!