GALWAY IN OBJECTS
Iarsmaí na Gaillimhe
Is tionscadal do na scoileanna Iarsmaí na Gaillimhe trína scrúdaítear iarsmaí sa músaem agus an scéal a ghabhann leo agus trína spreagtar foghlaim tríd an gcruthaitheacht.
Tá acmhainní sainchóirithe curtha le chéile ag Músaem Cathrach na Gaillimhe maidir le gach ceann de na hiarsmaí thíos a chuideoidh le múinteoirí leas a bhaint as iarsmaí le mionscrúdú agus smaointeoireacht chriticiúil a spreagadh chomh maith le réimse gníomhaíochtaí trína spreagtar bearta cruthaitheachta ina leith. Tá gearrscannáin le saineolaithe ar fáil freisin agus grianghraif is féidir a úsáid sa seomra ranga i ndáil leis an bpróiseas foghlama. Is féidir an t-ábhar a úsáid as féin nó, níos fearr ná sin, ceangailte le cuairt ar an Músaem.
Amharc ar na hIarsmaí
Maidir le hIarsmaí na Gaillimhe
Oifigeach Oideachais an Mhúsaeim a rinne an obair thaighde agus forbartha le haird ar ábhar ó mhúinteoirí bunscoile agus ó mhúinteoirí ealaíne agus cruthaitheachta. Cuireann an togra Iarsmaí na Gaillimhe tuiscint níos géire ar fáil ar iarsmaí sa mhúsaem, spreagtar scrúdú grinn agus smaointeoireacht chriticiúil chomh maith le bearta cruthaitheachta, mar shampla scríbhneoireacht shamhlaíochta, scéalchlárú, drámaíocht, líníocht agus ceardaíocht. Don seomra ranga a cruthaíodh an t-ábhar agus meastar go mbeidh na hacmhainní agus na gníomhartha á n-úsáid i bpáirt le cuairt ar an Músaem féin go bhfeictear na hiarsmaí ar an láthair.
Rinneadh na hacmhainní agus na gníomhaíochtaí a fhorbairt chun tacú le curaclam bhlianta sinsearacha na bunscoile i ndáil leis an Stair, an Tíreolaíocht, Béarla, Gaeilge agus Oideachas Ealaíne (Amharc-ealaíona, Drámaíocht agus Ceol), ach is féidir le múinteoirí iad a chóiriú do dhaltaí níos sine nó níos óige.
Áirítear ar phríomhchuspóirí na dtograí: teagasc a dhéanamh faoi imeachtaí agus faoi phearsana a mhúnlaigh tréithe na Gaillimhe; feasacht shibhialta a chothú agus cur leis an mórtas áite; fiosracht a spreagadh agus treisiú le smaointeoireacht chriticiúil; bá stairiúil a chothú; cur le cumas na ndaltaí a gcuid tuairimí agus smaointeoireachta féin faoi chúrsaí staire, cultúir agus ealaíne a mhúnlú; an tsamhlaíocht, an chuimhne agus an tuiscint a chothú trí chleachtadh na gcéadfaí mar a bhaineann le smaoineamh faoi iarsmaí.
Buíochas
Is mian le Músaem Cathrach na Gaillimhe buíochas a ghabháil le is na príomhoidí Carmel Burns (SN Bhaile Chláir na Gaillimhe) agus Mark Hannon (SN an Charnáin), le Darragh Moran agus Vincent Daly, múinteoirí scoile, le JoJo Hynes, ealaíontóir agus le hÓrla McGovern, áisitheoir drámaíochta, a an gcomhairle agus an cúnamh taca a chuir siad ar fáil don togra.
Tá grianghraif don tionscadal seo á n-úsáid le caoinchead uathu siúd ag a bhfuil cóipcheart orthu: Iarsmalann na Breataine; An Curadh Connachtach; Derek Buddulph; Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath; Galway Advertiser; Scéala Éireann; John Breslin, Old Ireland in Colour; John Midgley; Library of Congress; Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; An Leabharlann Náisiúnta; National Museums Scotland; Phyllis Power; Thomas O’Toole; Tom Kenny; agus Stephen Ferguson, An Post.
Chuir Éire Ildánach, trí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, maoiniú ar fáil don tionscadal Iarsmaí na Gaillimhe.
Faigh an nuacht is déanaí ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe go díreach chuig do bhosca isteach!