Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
CAINT: Deireadh an Chogaidh Chathartha & na daoine a cuireadh chun báis i nDún Thuama

Ar an 11 Aibreán 1923, cuireadh cúigear Óglaigh de chuid an IRA a bhí in aghaidh an chonartha as Gaillimh – Francis Cunnane (23), Michael Monaghan (22), Martin Moylan (24), John Newell (29) agus James O'Malley (25) – chun báis i nDún Thuama, tar éis do Chúirt Mhíleata an tSaorstáit iad a fháil ciontach i seilbh neamhdhleathach arm agus armlóin. In éineacht leis an staraí Cormac Ó Comhraí, údar Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913–1923, agus é ag plé na bhfear a cuireadh chun báis, deireadh Chogadh Cathartha na hÉireann agus a oidhreacht.
Cuir d'áit in áirithe trí ghlaoch ar an músaem ag 091 532460 nó trí ríomhphost chuig museum@galwaycity.ie. Tá saorchead isteach.
Aois 12+


