Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
LÉACHTAÍ: Spreagtha ag Réada

Thar cúig Chéadaoin i mí na Bealtaine, mar chuid d’ Fhéile Bhealtaine na cruthaitheachta agus muid ag dul in aois, threoraigh agus spreag an file agus éascaitheoir scríbhneoireachta na Gaillimhe Gerry Hanberry grúpa scríbhneoirí díograiseacha – cuid acu tosaitheoirí iomlána, cuid eile foilsithe cheana féin – agus iad ag freagairt do réada an Mhúsaeim, lena n-áirítear Fáinne an Chladaigh agus dealbh Pádraic Ó Conaire. Gach seachtain d’fhoghlaim an grúpa faoi réad nó faoi bhailiúchán éagsúil réad agus a gcuid scéalta, rud a spreag an scríbhneoireacht chruthaitheach. Chlúdaigh an saothar a d’eascair as, idir phrós agus fhilíocht, téamaí ar nós an ghrá, an chaillteanais, an teaghlaigh, na cuimhní cinn, an stair agus an mhiotaseolaíocht, i stíleanna éagsúla, idir bheoga thuairisciúil agus aoir.
Ar an Satharn 22 Meitheamh, tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach leis na rannpháirtithe agus iad ag roinnt torthaí a gcuid saothair. Ní gá áirithint a dhéanamh.
Oiriúnach do gach aois
[Grianghraif le Dariusz Sankowski agus Brendan McGowan]

