Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
LÉIRIÚ CEOIL & DAMHSA: Fuaim an Iarthair

Tabharfaidh Meadhbh O'Neill, Johnny O'Halloran, agus Shane Fahy léiriú 30 nóiméad ar cheol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta na hÉireann.
Is as Conamara ó dhúchas í Meadhbh O'Neill agus tá cáil uirthi mar gheall ar a damhsa ar an sean-nós agus tá craobhacha mór le rá Oireachtas na Samhnna agus Craobh na hÉireann aici; is boscadóir uile-Éireann í freisin. Is boscadóir é Johnny O'Halloran as oileán ceoil Inis Bó Finne a bhfuil aithne mhór air i gciorcail cheoil thraidisiúnta na hÉireann. Is amhránaí agus giotáraí é Shane Fahy, a bhíonn ag seinm go rialta i nGaillimh.
De bharr na haimsire, beidh an léiriú ar siúl i gclós Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe. Tá an ócáid seo saor in aisce agus ní gá áirithint a dhéanamh.
Fáilte Roimh Cách!
Fáilte roimh chách!
Oiriúnach do Gach Aois