Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
LÉACHT: Lady Dorothy Lowry-Corry (1885–1967) – ‘an indefatigable field-worker’

Gach am lóin Déardaoin ó 27 Feabhra go 10 Aibreán 2025, reáchtálfaidh Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus an Léinn Éireannaigh Ollscoil na Gaillimhe a sraith léachtaí am lóin sa Seomra Oideachais ag Músaem Cathrach na Gaillimhe. Ar an Déardaoin seo beidh an léacht dheireanach againn sa tsraith, ‘Lady Dorothy Lowry-Corry (1885-1967) – ‘An indefatigable field-worker’ leis an Dr Kieran O’Conor.
Tá cead isteach SAOR IN AISCE agus ní gá áit a chur in áirithe ach, ós rud é go bhfuil teorainn le líon na suíochán, moltar duit teacht go luath. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le eagraí an imeachta, Joe Fenwick, trí ríomhphost: joe.fenwick@universityofgalway.ie .