Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
CAINT LÉIRITHE: Scéal CLG i Réada

Bunaithe sa bhliain 1884, is cuid ollmhór de choinsias na hÉireann é Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus tá ról mór aige i sochaí na hÉireann a shíneann i bhfad níos faide ná na spóirt amháin. I samhlaíocht agus i dtaithí an phobail, is minic a thugtar CLG chun cuimhne i dtéarmaí a chuid réada ó bhoinn a théann síos ó ghlúin go glúin agus geansaithe a chaitear i gcluichí ceannais Uile-Éireann, go míreanna níos uathúla, amhail bata draigheann Mhichíl Cíosac.
Bígí linn leis an staraí cultúrtha Siobhán Doyle, údar A History of the GAA in 100 Objects (2022), agus í ag roinnt na scéalta taobh thiar de chuid de na rudaí is íocónaí de chuid CLG, le fócas ar leith ar Chonnacht agus Gaillimh.
I measc na n-earraí Gaillimheacha atá le feiceáil ina leabhar suimiúil tá bratach ‘Cathair na dTreibheanna’ – a iompraíodh in aghaidh údaráis na Breataine ar Dhomhnach na nGael i mí Lúnasa 1918 – agus ‘Poll sa Cheiling le Colie K,’ rian a fágadh i ndíon Tábhairne Taaffe i nGaillimh nuair a scóráil Pádraic Joyce le linn Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 1998, rud a spreag ceiliúradh bríomhar.
As Contae Loch Garman do Siobhán Doyle, is staraí cultúrtha í agus oibríonn sí in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tá PhD aici i Staidéir Músaeim ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá sí tar éis léachtaí a thabhairt i Stair an Dearaidh.
Tá an ócáid saor in aisce, ach tá réamh-áirithint riachtanach mar go bhfuil líon teoranta áiteanna ann. Le haghaidh tuilleadh sonraí nó chun áirithint a dhéanamh, déan teagmháil leis an Músaem trí ghlaoch ar (091) 532460 nó ríomhphost a sheoladh chuig Museum@GalwayCity.ie
Oiriúnach do dhaoine fásta agus do dhaoine óga 12+ bliain d'aois