Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
LÉIRIÚCHÁIN: Dún Aonghasa agus Turasóireacht

Suite ar bharr aille 90m ar airde ar Inis Mór – an ceann is mó d’Oileáin Árann – tá dún réamhstairiúil Dhún Aonghasa ar cheann de na cinn is suntasaí san Eoraip. Cuireann an suíomh fáilte roimh beagnach 140,000 cuairteoir gach bliain. Bígí i dteannta an staraí Cillian de Grás, bainisteoir Dhún Aonghasa, agus é ag plé an tsuímh le tagairt ar leith don turasóireacht agus inbhuanaitheacht.
Toisc go bhfuil áiteanna teoranta, moltar áirithint a dhéanamh roimh ré. Déan teagmháil leis an Músaem ar (091) 532460.
Aois 12+