Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
Seó Solais Herstory

Tá Seó Solais iontach cruthaithe ag Herstory in ómós do Bhríd, do mhátrún naomh na hÉireann, agus do mhná na Gaillimhe. Beidh sé ar siúl i gcathair na Gaillimhe Dé hAoine 27 Eanáir ó 5.30pm agus tá áthas orainn a roinnt go bhfuil Músaem Cathrach na Gaillimhe ar cheann de na hionaid atá le feiceáil i seó na bliana seo. Seo thíos Sceideal an tSeó Solais ina liostaítear na ceithre shainchomhartha de chuid na Gaillimhe atá san áireamh agus amanna soilsithe do gach ceann acu. Bígí linn!
SCEIDEAL SEÓ SOLAIS HERSTORY
Dé hAoine 27ú Eanáir 2023
5.30 – 7pm: Caisleán Uí Loingsigh
7.30 – 8.45pm: Eaglais San Nioclás
9.00 – 10pm: Músaem Cathrach na Gaillimhe
10.30pm – 12.00r.n.: Pictiúrlann an Pháláis
Beannachtaí na Féile Bríde!
[Saothar Ealaíne: 'Bríd' le Erin Darcy]