Cad atá ar siúl

Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!

Imeachtaí á Luchtú

« Gach Imeacht

  • Tá an ócáid seo thart.

TURAS TREORAITHE: An Réabhlóid i Dosaen Réad

Mí na Nollag 14, 2019 @ 3:00 pm - 3:45 pm GMT
Saor in aisce

Déantar iniúchadh sa taispeántas Réabhlóid i nGaillimh, 1913-1923 ar Éirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha ó thaobh na Gaillimhe de. Tá réimse leathan réad ann – bratach ghlas a bhí ar foluain le linn chuairt an Rí Éadbhard VII ar Ghaillimh i 1903, caipín píobaire le hÉamonn Ceannt, píosa fichille a shnoigh Liam Ó Maoilíosa agus é i bpríosún i Mountjoy – a scéal fíorspéisiúil féin ag gach duine acu.

Toisc go bhfuil áiteanna teoranta, moltar áirithint a dhéanamh roimh ré – glaoigh ar an músaem ar (091) 532460.

Oiriúnach d'aois 12+

Sonraí

  • Dáta: 14 Nollaig, 2019
  • Am:
    3:00 pm - 3:45 pm GMT
  • Costas: Saor in aisce
  • Catagóir Imeachta:

Eagraí

Ionad