Cad atá ar siúl

Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!

Imeachtaí á Luchtú

« Gach Imeacht

  • Tá an ócáid seo thart.

TURAS TREORAITHE (OÍCHE CHULTÚIR): Coimeádaithe na nGael

Meán Fómhair 23, 2022 @ 7:30 pm - 8:00 pm IST
Coimeádaithe-na nGael.

Bígí i dteannta Damien Donnellan, Cúntóir Oideachais & Taispeántais, le haghaidh turas treoraithe ar thaispeántas Choimeádaithe na nGael an Mhúsaeim, a fhiosraíonn an cultúr agus an tsochaí Ghaelach trí lionsa na dteaghlach léannta staraithe, dlíodóirí, lianna, filí agus ceoltóirí a bhí ag fónamh do thiarnaí Gaelacha agus do thiarnaí Sasanacha in Éirinn idir 1200 agus 1600 AD. Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach tá líon teoranta áiteanna mar sin moltar áirithint a dhéanamh roimh ré. Seol ríomhphost chuig museum@galwaycity.ie nó glaoigh ar (091) 532460.

Aois 8+

Sonraí

  • Dáta: 23 Meán Fómhair, 2022
  • Am:
    7:30 pm - 8:00 pm IST
  • Catagóir Imeachta:

Eagraí

Ionad