Cad atá ar siúl
Freastalaíonn clár imeachtaí Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar lucht féachana agus spéiseanna éagsúla, ina gcuimsítear turais dánlainne, cainteanna maisithe, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, ranganna ealaíne agus léachtaí. Bain sult as ár sraith reatha de cheardlanna ar líne anseo!
- Tá an ócáid seo thart.
*Á chur in áirithe go hiomlán!* CEARDLANN TEAGHLAIGH: Ag Tógáil le Brící LEGO DUPLO®

*Tá an cheardlann seo curtha in áirithe anois!*
Bí i dteannta an ealaíontóra bríce Jessica Farrell do cheardlann teaghlaigh bríce LEGO DUPLO® ag Músaem Cathrach na Gaillimhe. Eispéireas foghlama spraíúil, comhoibríoch agus cruthaitheach is ea an cheardlann, atá dírithe go speisialta ar theaghlaigh le leanaí níos óige , a úsáideann brící LEGO DUPLO® le tógáil agus le cruthú mar theaghlach. Tá na brící tógála seo mór, geal, ildaite agus éasca le láimhseáil, rud a chiallaíonn gur féidir le leanaí an-óg foghlaim go sábháilte trí shúgradh.
Féadfaidh suas le ceathrar a bheith i ngach grúpa teaghlaigh ach ní mór go mbeadh ar a laghad duine fásta amháin agus leanbh amháin (idir 2-4 bliana d’aois). Tá sé seo tábhachtach, mar tá sé ar cheann d’aidhmeanna na ceardlainne teaghlaigh a spreagadh chun tógáil le chéile mar eispéireas comhroinnte. Glacfaidh teaghlaigh páirt i ngníomhaíochtaí bríce DUPLO® a spreagann cruthaitheacht, samhlaíocht agus cumarsáid, agus ag an am céanna beidh an-áthas orthu ag súgradh le chéile. Soláthraítear gach brící LEGO DUPLO® don cheardlann.
Tá an t-imeacht seo saor in aisce, ach ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré mar go bhfuil teorainn docht ar áiteanna. Le tuilleadh sonraí a fháil nó le háirithint a dhéanamh, déan teagmháil leis an Músaem ar (091) 532460 nó seol ríomhphost chuig museum@galwaycity.ie
Oiriúnach do theaghlaigh le leanaí idir 2 agus 4 bliana d’aois
[Íomhá: Sen]
