Páipéir urscaoilte do William Fahy a bhí ina bhall de na Connaught Rangers, Reisimint uimh. 7772 agus a raibh baint aige leis an gCéad Chogadh Domhanda. Ba as ceantar Thurlaigh Mhóir i nGaillimh ó dhúchas do William.
Deir na páipéir ‘Uimh. 7772 An Príobháideach Wlliam Fahy, The Connaught Rangers, D’fhreastail sé le honóir agus díchumasaíodh é sa Chogadh Mór, Urscaoileadh Onórach é an 19 Eanáir 1920’ agus sínithe ‘George RJ’.