Bloc priontála a úsáideadh chun fógraí a phriontáil do Dhrioglann Persse, Oileán Ealtanach, Gaillimh. Bhunaigh Henry Stratford Persse (c. 1769-1833) Drioglann Fuisce Persse sa Chaisleán Nua sa bhliain 1815. Sa bhliain 1847, athlonnaíodh an drioglann go háitreabh Oileán Eanach. Bhí cáil ar chaighdeán an ‘Galway Whisky’ a rinne drioglann Persse. Thug MP do Chill Chainnigh a bhí fostaithe mar ionadaí díolacháin ag Henry Sadlier Persse (a bhí i gceannas ar an drioglann ó 1859 go 1899) isteach go barra Theach na dTeachtaí, Londain, Sasana é fiú. Mar thoradh air seo bhí an mana margaíochta ‘Is Fearr i dTeach na dTeachtaí’. Faoin mbliain 1908, mar gheall ar an laghdú ar thomhaltas fuisce agus ar iomaíocht ó na drioglanna móra i mBaile Átha Cliath dúnadh Drioglann Persse agus cailleadh os cionn 50 post.