Ba é Dubhghlas de hÍde nó Dubhghlas de Híde (1860 – 1949) an chéad Uachtarán ar Éirinn ó Mheitheamh 1938 go Meitheamh 1945. As Co. Ros Comáin ó dhúchas dó, bhí de hÍde ina Chomhbhunaitheoir agus ina Chéad Uachtarán (1893-1915) ar Chonradh na Gaeilge, an ghluaiseacht náisiúnta d’athbheochan na Gaeilge.
I 1939, ba é de hÍde an chéad duine ar bronnadh ‘Saoirse na Gaillimhe’ air – is é an seastán seo atá déanta as marmair Chonamara, mar chomóradh ar an ócáid.
Léann pláta inscríofa ar an seastán:
Seo iad an dubhadán agus an peann as ar fhocal
leas nuair a sgríobh an Dochtúir Dubhglas de Hide
Uachtarán na hÉireann, a anim ar an Rolla, an 31adh
Lughnasa 1939, ar an ócáid a rinneadh Saoránach
Onórach de Cathair na Gaillimhe de.