Teileafón: +353 (0)91 532 460museum@galwaycity.ieDéan Teagmháil Linn

Taispeántas Nua an Chladaigh ar oscailt anois!

Bua na hÁilleachta Neamh-Chomhfhiosach

D'fhorbair sráidbhaile an Chladaigh, a thugann a ainm don fháinne cáiliúil, ar an gcladach thiar de bhéal Abhainn na Coiribe, taobh amuigh de bhallaí na Gaillimhe meánaoiseach. Tagann a ainm ón bhfocal Gaeilge cladach, a chiallaíonn ' urthrá'. Sa naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois, rinneadh tarraingt d'ealaíontóirí agus do scríbhneoirí taistil ar an sráidbhaile seo ina raibh tithe beaga ceann tuí i seilbh iascairí le Gaeilge agus a dteaghlaigh, agus faoi cheannas rí tofa.

Sa bhliain 1927, fógraíodh go raibh an seanbhaile 'míshláintiúil' mar gheall ar choinníollacha plódaithe agus easpa 'cóiríocht sláintíochta nó soláthar uisce'. Agus mar sin, chinn Coimisinéirí an Bhaile an Cladach a scartáil agus a atógáil. Dúirt an t-iriseoir agus scríbhneoir taistil Briotanach H. V. Morton (1892-1979), a thug cuairt ar an sráidbhaile an oíche roimh a dhíomá: "The Claddagh of Galway is one of the most remarkable sights in Europe". Mar sin féin, rinneadh na tithe ceann tuí a rású de réir a chéile go talamh agus cuireadh sraitheanna de thithe néata dhá stór ina n-áit.

Tugann an bailiúchán seo de phictiúir, sceitsí agus grianghraif den Chladach agus de Mhargadh an Éisc ag Áirse na Spáinne, áit ar dhíol muintir an bhaile a ngabhálacha, léargas ar shaol na Gaillimhe idir na 1820idí agus na 1930idí. Tá an taispeántas ar oscailt anois le breathnú air ar urlár uachtarach an mhúsaeim, ag breathnú amach ar abhantrach an Chladaigh agus ar Chuan na Gaillimhe.

roinn

NUACHTLITIR

Faigh an nuacht is déanaí ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe go díreach chuig do bhosca isteach!

Scrollaigh go dtí an Barr
Scipeáil chuig ábhar