Teileafón: +353 (0)91 532 460museum@galwaycity.ieDéan Teagmháil Linn

Leabhar Comhbhróin Oscailte i gCuimhne ar Pheadar O'Dowd

 

Tá Leabhar Comhbhróin i gcuimhne ar Pheadar O'Dowd oscailte i Músaem Cathrach na Gaillimhe ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Eddie Hoare.

Tá an Leabhar ar fáil ar líne freisin, ón Máirt 9 Eanáir 2024 agus beidh sé ar fáil don phobal chun teachtaireachtaí comhbhróin a iontráil.

Bhí teachtaireacht chomhbhróin ag an Méara Hoare, ag rá, "Mar staraí áitiúil, agus mar dhuine de bhunadh an Bhóthair Mhóir, chuir Peadar O'Dowd go mór lenár dtuiscint ar ár n-áit ar domhan mar Galwegians. Bhí ról lárnach ag a chuid saothar agus a chuid scríbhneoireachta i gcaomhnú stair na Gaillimhe. Bhí Peadar ag tacú le Músaem Cathrach na Gaillimhe le fada an lá, agus is mór an chailliúint é ag gach duine a raibh aithne acu air. Mo chomhbhrón ó chroí le bean chéile Peadar, Mary, clann, cairde agus daoine muinteartha – tá mo chuid smaointe libh go léir. Ar Dheis Dé go raibh a Anam Dílis."

Fanfaidh an Leabhar ar oscailt go dtí an 23 Feabhra 2024.

roinn

NUACHTLITIR

Faigh an nuacht is déanaí ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe go díreach chuig do bhosca isteach!

Scrollaigh go dtí an Barr
Scipeáil chuig ábhar